Nuair a bhí Bríd pósta agus í ina cónaí in Éirinn, thosaigh sí ag coinneáil scoláirí samhraidh ag foghlaim na Gaeilge ó na sé chontae (Béal Feirste ach go háirithe) agus ó Bhaile Átha Cliath agus iad ag freastal ar Choláiste Chú Uladh i mBéal an Átha Móir. Bhí saothar maith ann cé go raibh go leor oibre le déanamh.